Cad iad gaschealla?

Irish (Gaelic)

Cad iad gaschealla?
Tá an corp déanta suas de na céadta cineál ceall atá tábhachtach d’ár
sláinte laethúil. Tá na cealla seo freagrach as ár gcorpanna a
choinneáil ag dul lá i ndiaidh lae lena n-áirítear preabadh ár
gcroíthe, smaoineamh ár n-inchinn, glanadh ár bhfola, cealla craicne
nua a chur in áit na cealla a éagann agus mar sin de. Tá sainról ag
gaschealla, sé sin chun na cineálacha ceall seo ar fad a dhéanamh. Is
soláthróirí ceall nua iad gaschealla. Nuair a roineann gaschealla is
féidir leo níos mó gascheall nó cineálacha ceall eile a dhéanamh. Mar
shampla, is féidir le gaschealla sa chraiceann níos mó gaschealla
craicne a dhéanamh nó is féidir leo cealla craicne áirithe eile a
dhéanamh ag a bhfuil rólanna áirithe dá gcuid féin cosúil leis an lí
mheilinine a dhéanamh.

Cén fáth a bhfuil gaschealla tábháchtach don sláinte?
Nuair a éiríonn muid tinn nó nuair a fhaigheann muid gortú, bíonn ár
gcealla gortaithe nó maraithe chomh maith. An ról atá ag gashcealla ná
chun ár bhfíocháin ghortaithe a dheisiú agus cealla nua a chur in áit
cealla a éagann mar ba ghnách. Sa chaoi seo coinníonn gaschealla muid
sláintiúl agus stopann siad muid ag aosú roimh am. Tá gaschealla
cosúil lenár n-arm dochtúirí micreascópacha féin.

Cad iad na cineálacha gascheall éagsúla?
Tagann gaschealla i roinnt foirmeacha éagsúla. Tá eolaithe den tuairim
go bhfuil a chineál ceall féin ag gach ball coirp. Mar shampla, tá ár
bhfuil déanta as gaschealla fola (ar a nglaotar cealla fuilghinte
chomh maith). Tá láithreacht cheall, áfach, ó na céimeanna tosaigh
d’fhorbairt dhaonna, agus nuair a fhásann eolaithe iad glaotar
“gaschealla suthacha” orthu. An fáth go bhfuil eolaithe chomh
corraithe faoi ghaschealla suthacha ná gurb é ról nádúrtha na
ngaschill seo gach ball coirp agus fíocháin a thógáil le linn forbairt
dhaonna. Cíallaíonn sé seo gur féidir gaschealla suthacha a mhealladh
le gníomhú mar mhórchuid de na céadta cineálacha cealla daonna eile,
ní hamhlaidh an scéal do gaschealla ó dhuine fásta. Mar shampla, cé
nár bhféidir le gaschill fola fuil amháin a dhéanamh, is féidir le
gaschill shuthach fuil, cnámh, craiceann, inchinn agus mar sin de a
dhéanamh. Sa bhreis ar sin, nádúr na ngascheall suthacha ná chun
fíocháin agus baill choirp fiú, a thógáil. Ní shin nádúr na ngascheall
ó dhuine fásta. Is éard is brí le seo ná go bhfuil cumas níos fearr
sna gaschealla suthacha baill choirp ghalracha a dheisiú. Tá
gaschealla suthacha déanta as suthanna atá fágtha tar éis cóireáil
torthúlachta nach bhfuil ach cúpla lá d’aois agus atá deánta i mias
saotharlainne, murach an úsáid seo bheadh siad caite amach.

Cad iad iPS nó gaschealla spreagtha ilchumasacha?
Tá eolaithe agus dochtúirí corraithe foain chineál gaschille nua ar a
ghlaotar cealla “iPS”. An fáth go bhfuil muid corraithe ná go bhfuil
cuid is mó de na hairíonna céanna ag na cealla iPS is atá ag
gaschealla suthacha, ach ní dhéantar ó shuth iad. De bharr seo níl aon
shaincheist eiticiúil le cealla iPS. Sa bhreis ar sin tá cealla iPS
déanta ó chealla neamhshuthach an othair, rud a chíallaíon gur féidir
na cealla iPS a thabhairt ar ais don othar gan riosca de dhiúltú
imdhíonach, ceist thábhachtach le trasphlandú gascheall.

Cad é atá i ndán amach anseo agus cén chaoi ar bhféidir le gaschealla
cóir leighis do dhochtúir a athrú?
Toisc gurb é nádúr na ngascheall cealla nua a chur in áit iad atá tinn
nó sean, tháinig eolaithe aníos le smaoineamh go n-úsáidfí gaschealla
mar chóir leighis d’othair le réimse leathan riochtaí sláinte.
An smaoineamh anseo ná gur féidir úsáid a bhaint as chumas leighis
nádúrtha na ngascheall chun na hothair a dhéanamh sláintiúil arís trí
ghaschealla nó chealla difreálta déanta a gaschealla a thabhairt don
othar tinn. Má bhíonn taom croí ag othar mar shampla, an adihm ná chun
an dochar don chroí a dheisiú trí thrasphlandú a dhéanamh le
gaschealla mar theiripe. Tá teorainn leis an chumas i líon na
ngascheall nádúrtha atá againn dochar d’ár gcoirp a dheisiú. Le sampla
an chroí a úsáid arís, ní féidir le gaschealla an chroí an dochar a
dhéanann taom croí a dheisiú ach bheadh trasphlandú do na milliún
gascheall i bhfad níos cumhachtaí. Dá bhrí sin neartaíonn muid cumas
leighis an choirp thar chumas an líon teoranta gashceall nádúrtha sa
choirp trí thrasphlandaithe gashceall a thabhairt d’othair. Caithfear
aghaidh a thabhairt ar roinnt go fóill sula mbíonn teiripithe
gaschille níos coitianta lena n-áirítear sábháilteacht, mar go bhfuil
baol go ndéanfadh na gaschealla siadí a chruthú, agus diultú
imdhíonach. É sin ráite tá gach seans go n-athróidh gaschealla cúrsaí
leighis agus b’fhéidir laisitgh de dheich nó scór bliana beidh aithne
ag cuid is mó againn ar dhuine éigin, muid féin b’fhéidir, ag a raibh
trasphlandú gascheall. Tá deis ann le gaschealla dul i ngleic le cuid
is mó de na galair mhóra romhainn lena n-áirítear ailse, galar croí,
Galar Parkinson, Scléaróis Iolrach, Stróc, Galar Huntington, gortú de
chorda an dromlaigh agus cuid mhór eile.
Cad iad na cóireáil gascheall ar fáil i láthair na huaire agus an fáth
a mholann dochtúirí smaoineamh futhú go cúramach agus mar rogha an
díogha?

I láthair na huaire níl mórán transphlandaithe gascheall ar fáil atá
faofa ag eolaithe ó thaobh sábháilteachta agus éifeachtachta de. Is é
transplandú smeara an sampla is fearr. Tá, áfach, cuid mhaith
cóireálacha fógraithe agus ar fáil timpeall na cruinne nach bhfuil
faofa. Is minic a fhaigheann na cóireálacha seo aird shuntasach sna
meáin, go minic nuair a fhaigheann réaltaí móra cosúil le réaltaí
spóirt na cóireálacha seo. Den chuid is mó, tugann dochtúirí agus
eolaithe i réimse na gaschille rabhaidh d’othair  faoi na cóireálacha
seo toisc nach léir go n-oibríonn siad nó go bhfuil siad sábháilte.
Cailleadh othair de bharr cóireálacha den chineál seo. Cé go bhfuil sé
ciallmhar na roghanna ar fad a thógáil san áireamh agus galar nó
riocht romhat a dtig a bheith doleigheasta, molann muid nár chóir
smaoineamh faoi na cóireálacha seo ach mar rogha an díogha agus tar
éis dul i gcomhair le do lia pearsanta.

Translation supplied by the Irish Stem Cell Foundation www.stemcell.ie

Leave a Reply