Irish (Gaelic) Cad iad gaschealla? Tá an corp déanta suas de na céadta cineál ceall atá tábhachtach d’ár sláinte laethúil. Tá na cealla seo freagrach as ár gcorpanna a choinneáil ag dul lá i ndiaidh lae lena n-áirítear preabadh ár gcroíthe, smaoineamh ár n-inchinn, glanadh ár bhfola, cealla craicne nua a chur in áit na cealla a éagann agus mar sin de. Tá sainról ag gaschealla, sé sin chun na cineálacha ceall seo ar fad a dhéanamh. Is soláthróirí ceall nua iad gaschealla. Nuair a roineann gaschealla is féidir leo níos mó gascheall nó cineálacha ceall eile a dhéanamh. Mar shampla, is féidir le gaschealla sa chraiceann níos mó gaschealla craicne a dhéanamh nó is féidir leo cealla craicne áirithe eile a dhéanamh ag a bhfuil rólanna áirithe dá gcuid féin cosúil leis an lí mheilinine a dhéanamh. Cén fáth a bhfuil gaschealla tábháchtach don sláinte? Nuair a éiríonn muid tinn nó nuair a fhaigheann muid gortú, bíonn ár gcealla gortaithe nó maraithe chomh maith. An ról atá ag gashcealla ná chun ár bhfíocháin ghortaithe a dheisiú agus cealla nua a chur in áit cealla a éagann mar ba ghnách. Sa chaoi seo coinníonn gaschealla muid sláintiúl agus stopann siad muid ag aosú roimh am. Tá gaschealla cosúil lenár n-arm dochtúirí micreascópacha féin. Cad iad na cineálacha gascheall éagsúla? Tagann gaschealla i roinnt foirmeacha éagsúla. Tá eolaithe den tuairim go bhfuil a chineál ceall féin ag gach ball coirp. Mar shampla, tá ár bhfuil déanta as gaschealla fola (ar a nglaotar cealla fuilghinte chomh maith). Tá láithreacht cheall, áfach, ó na céimeanna tosaigh d’fhorbairt dhaonna, agus nuair a fhásann eolaithe iad glaotar “gaschealla suthacha” orthu. An fáth go bhfuil eolaithe chomh corraithe faoi ghaschealla suthacha ná gurb é ról nádúrtha na ngaschill seo gach ball coirp agus fíocháin a thógáil le linn forbairt dhaonna. Cíallaíonn sé seo gur féidir gaschealla suthacha a mhealladh le gníomhú mar mhórchuid de na céadta cineálacha cealla daonna eile, ní hamhlaidh an scéal do gaschealla ó dhuine fásta. Mar shampla, cé nár bhféidir le gaschill fola fuil amháin a dhéanamh, is féidir le gaschill shuthach fuil, cnámh, craiceann, inchinn agus mar sin de a dhéanamh. Sa bhreis ar sin, nádúr na ngascheall suthacha ná chun fíocháin agus baill choirp fiú, a thógáil. Ní shin nádúr na ngascheall ó dhuine fásta. Is éard is brí le seo ná go bhfuil cumas níos fearr sna gaschealla suthacha baill choirp ghalracha a dheisiú. Tá gaschealla suthacha déanta as suthanna atá fágtha tar éis cóireáil torthúlachta nach bhfuil ach cúpla lá d’aois agus atá deánta i mias saotharlainne, murach an úsáid seo bheadh siad caite amach. Cad iad iPS nó gaschealla spreagtha ilchumasacha? Tá eolaithe agus dochtúirí corraithe foain chineál gaschille nua ar a ghlaotar cealla “iPS”. An fáth go bhfuil muid corraithe ná go bhfuil cuid is mó de na hairíonna céanna ag na cealla iPS is atá ag gaschealla suthacha, ach ní dhéantar ó shuth iad. De bharr seo níl aon shaincheist eiticiúil le cealla iPS. Sa bhreis ar sin tá cealla iPS déanta ó chealla neamhshuthach an othair, rud a chíallaíon gur féidir na cealla iPS a thabhairt ar ais don othar gan riosca de dhiúltú imdhíonach, ceist thábhachtach le trasphlandú gascheall. Cad é atá i ndán amach anseo agus cén chaoi ar bhféidir le gaschealla cóir leighis do dhochtúir a athrú? Toisc gurb é nádúr na ngascheall cealla nua a chur in áit iad atá tinn nó sean, tháinig eolaithe aníos le smaoineamh go n-úsáidfí gaschealla mar chóir leighis d’othair le réimse leathan riochtaí sláinte. An smaoineamh anseo ná gur féidir úsáid a bhaint as chumas leighis nádúrtha na ngascheall chun na hothair a dhéanamh sláintiúil arís trí ghaschealla nó chealla difreálta déanta a gaschealla a thabhairt don othar tinn. Má bhíonn taom croí ag othar mar shampla, an adihm ná chun an dochar don chroí a dheisiú trí thrasphlandú a dhéanamh le gaschealla mar theiripe. Tá teorainn leis an chumas i líon na ngascheall nádúrtha atá againn dochar d’ár gcoirp a dheisiú. Le sampla an chroí a úsáid arís, ní féidir le gaschealla an chroí an dochar a dhéanann taom croí a dheisiú ach bheadh trasphlandú do na milliún gascheall i bhfad níos cumhachtaí. Dá bhrí sin neartaíonn muid cumas leighis an choirp thar chumas an líon teoranta gashceall nádúrtha sa choirp trí thrasphlandaithe gashceall a thabhairt d’othair. Caithfear aghaidh a thabhairt ar roinnt go fóill sula mbíonn teiripithe gaschille níos coitianta lena n-áirítear sábháilteacht, mar go bhfuil baol go ndéanfadh na gaschealla siadí a chruthú, agus diultú imdhíonach. É sin ráite tá gach seans go n-athróidh gaschealla cúrsaí leighis agus b’fhéidir laisitgh de dheich nó scór bliana beidh aithne ag cuid is mó againn ar dhuine éigin, muid féin b’fhéidir, ag a raibh trasphlandú gascheall. Tá deis ann le gaschealla dul i ngleic le cuid is mó de na galair mhóra romhainn lena n-áirítear ailse, galar croí, Galar Parkinson, Scléaróis Iolrach, Stróc, Galar Huntington, gortú de chorda an dromlaigh agus cuid mhór eile. Cad iad na cóireáil gascheall ar fáil i láthair na huaire agus an fáth a mholann dochtúirí smaoineamh futhú go cúramach agus mar rogha an díogha? I láthair na huaire níl mórán transphlandaithe gascheall ar fáil atá faofa ag eolaithe ó thaobh sábháilteachta agus éifeachtachta de. Is é transplandú smeara an sampla is fearr. Tá, áfach, cuid mhaith cóireálacha fógraithe agus ar fáil timpeall na cruinne nach bhfuil faofa. Is minic a fhaigheann na cóireálacha seo aird shuntasach sna meáin, go minic nuair a fhaigheann réaltaí móra cosúil le réaltaí spóirt na cóireálacha seo. Den chuid is mó, tugann dochtúirí agus eolaithe i réimse na gaschille rabhaidh d’othair faoi na cóireálacha seo toisc nach léir go n-oibríonn siad nó go bhfuil siad sábháilte. Cailleadh othair de bharr cóireálacha den chineál seo. Cé go bhfuil sé ciallmhar na roghanna ar fad a thógáil san áireamh agus galar nó riocht romhat a dtig a bheith doleigheasta, molann muid nár chóir smaoineamh faoi na cóireálacha seo ach mar rogha an díogha agus tar éis dul i gcomhair le do lia pearsanta. Translation supplied by the Irish Stem Cell Foundation www.stemcell.ie
Trusted stem cell blog & resources